Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
Imirce go hAlbain – chuaigh sé go hAlbain am an chogaidh nuair a bhítí ag cuardach oibrithe feirme ach níor fhan sé i bhfad ar an fheirm ná thit sé amach le maor na hoibre. D’imigh sé i mbéal a chinn agus fuair sé obair i gceantar Inverness. Chuaigh sé as sin go Dún Éadan ag obair, ag an am sin bhí an cogadh thart agus bhí go leor den obair thógála le déanamh. | 00:16:48 | |
Chuaigh sé go Glaschú ar feadh sé mhí agus fuair sé litir óna cholceathrar ag insint do faoin obair a bhí ar siúl acu thíos in Sasana ar scaglann ola (oil refinery) agus dá mbíodh sé ag iarraidh, go bhfaigheadh sé jab do ansin. Chaith sé 2 bhliain ansin agus bhí sé ag fáil pá de 3 phunt agus dhá scilling. | 00:04:29 | |
Londain: chuaigh sé go Londain agus fuair sé post le Mc Alpine ar feadh 4 bliana – conraitheoir mór tógála. Chuaigh sé ar scoil oíche agus d’fhoghlaim sé cuid mhór faoi obair thógála agus an dóigh le pleananna a léamh. | 00:03:21 | |
Chuaigh sé go Pennsylvania, Meiriceá ag obair in 1989 agus d’éirigh go maith leis, chaith sé 6 mhí ansin. | 00:10:33 | |